The Religious Society of Friends (Quakers) in IrelandCOMHAIRLE GINERALTA CRIOSTAI(Mar a leasaíodh i 1981)Bíodh meas agat ar phribhléid na comaine le Dia tríd an urnaí agus san adhradh, gan dearmad a dhéanamh ar mholadh agus ar bhuíochas a chur in iúl. Ná bí sásta le heolas seanchaite traidisiúnta ar an Soiscéal. Déan do chuid féin de, ag cruthú a fhírinne i do thaithí féin. Fan go foighneach ar Dhia, ag dul ar leataobh le guí a dhéanamh. Tóg am le léirmheas a dhéanamh ar do fhás spioradálta féin. Is fiú go mór an Bíobla a léamh go rialta, ag déanamh grinn-staidéir air leat féin, le do chlann nó i ngrúpaí eile. Is ann a chuirimid eolas ar an gcaidreamh idir Dhia agus an Duine agus ar Ghrá .Chríost, a bhuann chuige féin sinn. Is ann leis a aimsímid treoir agus inspioráid dár mbeatha inniu. Tabhair spreagadh do gach éinne tabhairt faoi leabhair a léamh a léiríonn slite Dé. Tar go minic agus go rialta go dtí an cruinniú le do chroí is d'aigne ullamh agat. Le linn dúinn a bheith ag feitheamh go haireach ar Dhia, treoraíonn an Spiorad Naomh muid i gcomaoin Leis agus i gcumman a chéile. Nuair a roinntear taithí spioradálta agus léargais san urlabhra, is féidir leo tuiscint as an nua a léiriú do dhaoine eile. Glac leis an urlabhra i spiorad grámhar, gan lochtanna a dhéanfadh dochar a fháil ar an méid a deirtear. Tabhair spreagadh agus lámh chúnta dá chéile chun freastal ar an gcruinniú adhartha poiblí, ag cuimhniú go bhféadfadh tionchar a bheith ag ár ndea-shampla ar dhaoine eile. Déan lá sosa agus athnuachana as an nDomhnach ar mhaithe leis an gcroí, an aigne agus an spiorad. Breathnaigh ar gach aon lá mar dheis seirbhíse. Bí ag faire go grámhar ar fhás spioradálta bhur bpáistí agus ar a n-aigní de réir mar a bhíonn siad ag oscailt. Bíodh meas agaibh ar an dúil atá acu cur lena gcuid eolais agus léirigh spéis ins an méid a bhíonn ar siúl acu agus ins an tslí a chaitheann siad a gcuid am saor. Déan deimhin de go bhfuil gach deis acu foghlaim faoinár gcreideamh Críostaí agus a bhunús sa mBíobla. Spreag iontu grá Dé mar a léirítear é i dteagasc Iosa Críost. Déan iarracht, trí do dhea-shampla, macántacht ionraiceas agus féin-smacht a chothú iontu. Nuair a bhíonn sibh ag cuimhneamh ar phósadh, téigh i gcomhairle Dé. Bíodh sé ina rún daingean agaibh go mbeadh snaidhm bhur bpósta á neartú agus á bheannú Aige i gcónaí. Cuimhnigh ar an tábhacht a bhaineann le comhthuiscint a bheith ann idir an bheirt maidir le prionsabail agus cleachtadh ár gcreidimh. Braitheann sonas saoil ar mheas agus ar ghrá tuisceanach a bheith agaibh i leith a chéile. Ná déan dearmad ar chomhairle bhur dtuismitheoirí ach bíodh tuismitheoirí cúramach freisin faoin gcomhairle a thugann siad dá bpáistí. Mair go grámhar le chéile faoi mar a d'ordaigh Críost, ag faire ar a chéile ar mhaithe a chéile, ag glacadh le teipeanna a chéile, ag tabhairt tacaíochta dá chéile in amanna anró agus bróin agus ag déanamh comhghairdis le chéile in amanna sonais. Déan bhur ndícheall maireachtáil go síochánta le gach éinne. Cothaigh leas spioradálta morálta agus saolta gach éinne. Bíodh sé ina rún agaibh cabhrú leo siúd atá i ngátar ar fud an domhain. Bí dílis dár bhfianaise i gcoinne na cogaíochta, sé sin, nach réitíonn cogaíocht le spiorad nó le teagasc Chríost. Déan bhur ndícheall, lena chabhair agus lena ghrásta, fáil réidh leis na mothúcháin i bhur gcroíthe féin a chuireann tús le conspóid fhoréigeanach. D'fhéadfadh siad seo teacht ó an iomarca dúil i sealúis, ó bhród gan smacht nó ó dhrogall aghaidh a thabhairt ar athrú. Seas go daingean le prionsaibal Chríostaí, pé acu conspóid tionsclaíochta, naimhdeas ciníoch nó teannas creidimh, polaitiúil nó idirnáisiúnta atá i gceist. Déan iarracht tuiscint a chothú idir dhaoine, idir ghrúpaí agus idir náisiúin. Bí freagrach don Spiorad Naomh i gconaí agus bíodh síochán Dé i réim i bhur gcroíthe. Mar a mhúineann an Bíobla, tabhair freagra tuisceanach ar threoir an Spioraid Naoimh agus ar an teora a d'fhéadfadh sé a chur le bhur ndíogras i leith nithe an tsaoil seo. Bí macánta i bhur saothar laethúil, i bhur gcaidreamh pearsanta agus i bhur gcúrsaí gnó go léir. Bí aireach i leith spiorad na hamhantraíochta agus an dainséar a bhaineann le cruinniú saibhris. Cuimhnigh gur iontabhas é ár gcuid talainn chomh maith le pé sealúis atá againn. Táimid go léir freagrach as an tslí a chuirimid leo agus as conas a chaithimid leo. Nuair a dhéanann sibh uacht nó nuair a bhíonn sibh ag roinnt bhur gcuid le daoine eile, déan go ciallmhar is go cothrom é. Cleachtaigh simplíocht agus measarthacht i bhur modh beatha agus i bhur gcaitheamh aimsire. Déan bhur ndícheall áit an chairdis, áit na síochána agus áit athnuachana a dhéanamh as bhur mbaile féin, áit a mbeadh láithreacht Dé le braith ann. Ná bí caifeach i leith achmhainní nádúrtha, ag cuimhneamh go bhfuil gach éinní ag braith ar a chéile sa saol beo seo againne. Bí aireach i leith gach aon ní a rachadh chun d'aimhleasa sna meáin chumarsáide, pé acu an idirlíon, cluichí físeáin, teilifís, raidio, scannáin, leabhair nó foilseacháin eile a bhfuil ábhar dochrach iontu. Taobhaigh le cairdeas agus caitheamh aimsire a dhéanfaidh leas aigne agus coirp. Ní réitíonn sé lenár bprionsabail Chríostaí a bheith bainteach le cumainn a mbíonn mionn rúnda ag gabháil leo. Ní íslíonn sé ar an dochar atá i ndeochanna meisciúla go nglactar leo i gcoitinne. Go minic tá tarraingt dosháraithe ag a leithéid agus ag cuimhneamh go ndéanann deochanna meisciúla dochar don tsláinte agus go loiteann siad saol clainne, ba chóir iad a sheachaint. Is é an t-alcól an príomhchúis i gcoireanna agus i dtimpistí ar an mbóthar ach go háirithe. Cuimhnigh an bhfuil tusa ag cur leis an olcas forleathann seo ar aon slí. Bí cúramach ag úsáid gach druga agus bíodh tuiscint agaibh ar na fadhbanna a bhaineann lena mí-úsáid. Maraon le h-alcól, bíonn dorch-thoradh ar a lán drugaí eile tobac san áireamh. Is féidir leo aondúileachas a spreagadh. Ní thagann an bheatha fhial ó spreagadh mí-aiceanta ach ó fhorbairt phearsanta, san aigne, sa chorp agus sa spiorad. Seachain gach aon saghas cearrbhachais agus aon saghas gníomharthaí a bheadh cruálach nó a thruailleódh. Faoi dheireadh, a Chairde, caithigí bhur saol mar is dual do dheisceabail Chríost agus bíodh caidreamh ceart agaibh le Dia agus le bhur gcomharsana. Mar seo leanas a chuir Seanoirí Balby é i 1656: "A Chairde ionúine, ní leagaimid na rudaí seo oraibh mar riail nó mar fhoirm gan bhrí, ach go dtreorófar gach éinne le tuiscint ar an Solas glan naofa. Mar sin, má fhantar agus má leantar sa Solas, comhlíonfar na nithe seo sa Spiorad, ní sa litir fhuar a mharaíonn ach sa Spiorad a thugann beatha."
Cuallacht na gCairde
|